top of page

Táirgí éiceabhácha sna teangacha Ceilteacha

Bhunaigh Shona Shirley Macdonald, maisitheoir leabhar agus ealaíontóir ó Albain, agus Ciarán Ó Nualláin, ealaíontóir agus oide, Mireog i 2014. Tá ár dtáirgí deartha agus lámhphriontáilte againn inár stiúideo sa Rinn, Contae Phort Láirge, agus tá ár gcártaí beannachta priontáilte go digiteach in Éirinn.

​

Ag cónaí sa Ghaeltacht déanaimid gach  iarracht an Ghaeilge a chothú trí dhearaí uathúla a chruthú i nGaeilge agus sna  teangacha Ceilteacha eile, dearaí a thógann spreagadh ón mbéaloideas, ón timpeallacht nádúrtha agus ón teanga féin.

 

Déanaimid gach uile iarracht ár dtáirgí a dhéanamh chomh héiceabhách agus is féidir linn, agus ar an bhonn sin lámhphriontálaimid ar t-léinte EarthPositive atá déanta de chadás orgánach a thrádáiltear go heiticiúil, agus a dhéantar ag baint úsáide as fuinneamh na gréine agus na gaoithe amháin. Tá ár dtaetuáillí déanta de chadás orgánach ó Fairtrade, agus tá ár leabhair nótaí cruthaithe in Éirinn as páipéar 100% athchúrsáilte.

bottom of page